Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Comhrá agus cuimhní cartlainne faoin t-iar-Chomhairleoir Contae as Anagaire, Séamus Mac Ruairí atá imithe ar shlí na bhfírinne.
11/21/2024
Páirteach sa chomhrá bhí Colm Mac Giolla Easbuig dlúthchara le Séamus, Donnchadh Mac Fhionnghaile an t-iar Theachta Dála, Hughie Mac Ruairí as Oileán Árainn Mhór, Aodhan Ó Riordáin, Feisire de Pharlaimint na hEorpa ó Pháirtí an Lucht Oibre, Fergus Mac Aoidh, Iar Chathaoirleach CLG Dhún na nGall, agus Cormac Mac Gairbheith ó CLG Naomh Muire.
Duration:00:47:58
Mairéad Ní Mhaoilchiarain ó Sheomra na Nuachta.
11/21/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tire.
Duration:00:03:20
Barrscealta, clár iomlán, 21/11/2024.
11/21/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:54:33
Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.
11/20/2024
Pléifear na héilimh atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta d’olltoghchán 2024 ag cruinniú poiblí a bheas ar siúl sa Chrannóg i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu.
Duration:00:07:15
Cartlann na Céadaoine.
11/20/2024
Inniu tá muid ag éisteacht le Dom Mac Fhloinn agus é faoi agallamh ag Séamus Mac Géidigh.
Duration:00:09:48
Diane Nic Suibhne leas-phríomhoide Coláiste Naomh Adhamhnáin.
11/20/2024
Tá Coláiste Naomh Adhamhnáin ag iarraidh ar an phobal tacú leo agus iad míshásta faoin easpa dul chun cinn atá déanta ó thaobh obair fhorbartha ag an scoil.
Duration:00:08:35
Dara Ó Baoill.
11/20/2024
Imní ar phobal na hÚcráine atá na gcónaí sa cheantar seo le tamall fada go mbeidh orthu imeacht.
Duration:00:10:00
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
11/20/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre agus inniu ag tá sí ag caint ar phobalbhreith atá déanta ag TG4 i gcomhar le Ipsos B&A faoin Olltoghchán i nDún na nGall.
Duration:00:14:37
Barrscéalta, clár iomlán 20/11/24.
11/20/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:52
Josephine Uí Cheallaigh, ball den choiste.
11/19/2024
Tá mór phlean á chur le chéile ag pobal Dhún Lúiche i gcomhair le Comhairle Contae Dhún na nGall do cheantar Dhún Lúiche faoi láthair agus beidh ceardlann smaointeoireachta ar siúl tráthnóna inniu le deis a thabhairt don phobal a gcuid tuairimí a nochtadh.
Duration:00:06:15
Ár dtuairisceoir Damien Ó Dónaill.
11/19/2024
Tá ócáid saor in aisce ar siúl inniu i Sciobóil an Phobail in Anagaire dírithe ar fhir agus ar shláinte na bhFear.
Duration:00:16:24
Garda Éamonn Ó Gallachóir.
11/19/2024
Mír rialta le ball do Gharda Síochána na Contae ag tabhairt comhairle agus eolas don phobal.
Duration:00:11:06
Clara Ní Cholla, múinteoir as Coláiste Eoghain i mBun Cranncha.
11/19/2024
Beidh múinteoirí meánscoile sa chontae seo ag dul i mbun agóide inniu ag am lóin lena míshástacht a léiriú faoi na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar leagan amach agus cur chuige na hArdteiste.
Duration:00:06:50
Caoimhe Ní Chonchille ó Sheomra na Nuachta.
11/19/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:46
Hugo Mac Laifeartaigh ó choiste na nDúnaibh agus Charlie Ní Sheibhleáin cúl báire na nDúnaibh.
11/15/2024
Rachaidh mná na Dúnaibh chun páirce amárach i gcluiche ceannais sóisear club chúige Uladh. Is i gCill Treasa i gcontae Thír Eoghain a imreofar an cluiche in éadan Cumann Pheadar Naofa as Contae an Dúin.
Duration:00:07:11
Muiris Ó hÉigeartaigh as Chill Cartha.
11/15/2024
Beidh Toghcháin Chomhairle Paróiste Chill Chartha ar an lá céanna a bheas an olltoghchán ar siúl, 29 Samhain, le Comhairle Paróiste úr Chill Chartha a thoghadh.
Duration:00:05:24
Micheal Ó Duibh, Cathaoirleach Aonach Mhacha.
11/15/2024
Tá lá mór ar siúl in Ard Mhacha in Aonach Mhacha agus an caife ansin oscailte go hoifigiúil ansin inniu.
Duration:00:05:41
Conall Ó Máirtín ó TG4.
11/15/2024
Tá Conall ag labhairt ar Chúrsa Iriseoireachta do dhaoine óga a bheas a reáchtáil ag TG4 anseo i nDún na nGall sa bhliain úr.
Duration:00:08:08
Máire Uí Cheallaigh ó Choiste na hÉigse.
11/15/2024
Cuirfear tús le hÉigse Seaghain Bháin anocht i mBaile na Finne.
Duration:00:04:37
Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Cluain na dTor.
11/15/2024
Mir rialta le Deirdre ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireacht.
Duration:00:10:21