Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Damien Ó Dónaill, Seán Neansaí Ó Gallachóir agus Owenie Mac Gairbheith.
9/6/2024
Ag plé na gcluichí a bheas ar siúl i gCraobh Sinsear Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo.
Duration:00:17:11
Tá Joe Coll ó Chumann Sacar Ghleann Átha Aontaithe.
9/6/2024
Cuirfidh bainisteoir úr foireann Sacair na hÉireann Heimir Hall-Grib-Son tús lena ré bainistíochta tráthnóna amárach san Aviva i mBaile Cliath agus cé eile a bheadh le himirt acu ach foireann Shasana a bhí i gcluiche ceannais na hEorpa an Samhradh seo.
Duration:00:04:40
Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Chluain na dTor.
9/6/2024
Mír rialta le Deirdre ag plé cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr ag caint inniu faoin chrann caorán agus faoin ghráinneog Fhéir.
Duration:00:07:47
Sonia Nic Giolla Easpuig, stiurthóir an chláir agus Aoibhín Ní Dhea, an cócaire a bhéas i mbun na gcacaí.
9/6/2024
Cuirfear tús Dé Domhnaigh le clár úr teilifíse dar teideal ‘Cacaí Áille’ le Aoibhín Ní Dhea a bhéas le feiceáil ar Chúla 4 na nÓg ar TG4. Sé sin An staisiún teilifíse atá ag freastal ar Ghaeil óga na tíre le bliain anuas agus an chloch mhíle sin a cheiliúradh an deireadh seachtaine seo acu.
Duration:00:12:35
Róise Ní Laifeartaigh,Oifigeach Caidrimh Poiblí Ghrúpa Gníomhaíochta Mica.
9/6/2024
Tá sé i gceist ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien uasmhéid an deontais atá ar fáil faoi Scéim na mBrící Lochtacha a mhéadú 10% ó €420,000 go €462,000.
Duration:00:07:25
Barrscéalta, clár iomlán 06/09/2024
9/6/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
Duration:00:54:53
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhanach.
9/5/2024
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta.
Duration:00:05:52
Cathal Mac Suibhne ó choiste an Monte Challenge.
9/5/2024
Tá rása mór eagraithe i gcontae Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo, An Rasa, Monte Challenge a bheas ag tarlú sna cruacha gorma i ndeisceart na contae seo. Rása eachtraíochta cosúil le rása an atlantaigh fhiáin nó an Waar.
Duration:00:09:47
Fiona Nic Giolla Chomhaill, an tAthair Brian Ó Fearraigh agus Ar Dr Teaghlaigh Tony Delap.
9/5/2024
Ag caint faoin méid atá sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Rialtas faoi Mhí-Úsáid Gnéis Stairiúil i Scoltacha a bhí a reáchtáil ag Oird Rialta agus an tionchar a bhí agus atá ag an scéal seo ar íospartaigh agus ar an phobal.
Duration:00:31:19
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin as Seomra na Nuachta.
9/5/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:11
Barrscéalta, clár iomlán, 05/09/2024.
9/5/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
Duration:00:56:58
Áine Ní Churráin as Carraig an tSeascainn, Gaoth Dobhair.
9/3/2024
Tá Camino Dhún na nGall faoi lán tseoil ó bhí an deireadh seachtaine ann agus nach iad atá ag fáil aimsir maith go leor go dtí seo do shiúlóid charthanachta na bliana seo, tá Áine ag déanamh an Camino arís i mbliana agus í linn beo ón láthair na siúloide.
Duration:00:05:48
Máirín Hurndall láithreoir Raidió le Raidió Fáilte i mBéal Feirste.
9/3/2024
I mí Lúnasa na bliana anuraidh fuair an gníomhaí Gaeilge aitheanta as Béal Feirste agus an tArd Donn i nGaoth Dobhair bás. Craolfar clár raidió inniu ar Raidió Fáilte ‘An Díograiseoir Dílis - Tomás Ó Monacháin 1927 – 2023- clár a rinne Máirín Hurndall.
Duration:00:11:35
Michéal Ó Frighil ó Choiste Ghaeltacht Beo Fhánada.
9/3/2024
Beidh a gCruinniú Cinn Bhliana ar siúl ag Gaeltacht Bheo Fhánada anocht ag a hocht a chlog in Ionad Pobail Thráigh a’Locha. Eolas ag Michéal faoin mhéid atá ar bhun ag an choiste agus na spriocanna atá acu.
Duration:00:04:27
An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, Staisiún Gardaí an Chlochán Léith.
9/3/2024
Mír seachtainiúil le ball don Gharda Síochana go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí a tharla sa Chontae le seachtain.
Duration:00:10:48
Hugo Mc Laifeartaigh as na Dúnaibh agus Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara le Comhairle Contae Dhún na nGall.
9/3/2024
Ag caint faoi Pontún a ceadaíodh sna Dúnaibh ag bádchlós Mhíobhaigh, atá ag cruthú conspóide faoi láthair. Tá an pontún ag an láthair ach ina luí sa charrchlós agus moill a chur ar an pontún a fheistiú ag an ché.
Duration:00:12:13
Maighréad Uí Annluain as Seomra na Nuachta.
9/3/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:18
Barrscéalta, Clár iomlán 030924.
9/3/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
Duration:00:55:06
Thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar Oideas Gael, atá ag ceiliuradh daichead bliain a mbunaithe, agus chur sé an píosa seo le chéile.
9/2/2024
Tá Oideas Gael ag ceiliúradh 40 bliain ó thosaigh siad na chéad cúrsaí do dhaoine fásta i nGleann Cholm Cille. Labhair Conor Ó Gallachóir le Liam Ó Cuinneagáin, Caitríona Ní Loidéain, Ray Yeats, Murt Ó Sé, Gearóidín Ní hArdaigh, Máire Ní Choilm, Gearóidín Ní hArdaigh, Máire Ní Choilm, Gearóidín Breathnach, Rónán Ó Dochartaigh faoi.
Duration:00:39:13
Mairead Ní Mhaoilchiaráin, Seomra na Nuachta.
9/2/2024
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:25